Créad a dhéanfaimid feasta gan adhmad, tá deireadh na gcoillte ar lár; níl trácht ar Chill Chais ná a teaghlach, is ní bainfear a cling go bráth; an áit úd ina gcónaíodh an deighbhean a fuair gradam is meidhir tar mhná, bhíodh iarlaí ag tarraing tar toinn ann, is an tAifreann binn á rá. Is é mo chreach fhada is mo léan goirt do gheataí breá néata ar lár, an avenue ghreanta faoi shaothar is gan foscadh ar aon taobh den walk, an chúirt bhreá a sileadh an braon di is an ghasra shéimh go tláith, is in leabhar na marbh do léitear an tEaspag is Lady Iveagh! Ní chluinim fuaim lacha ná gé ann ná fiolair ag déanadh aeir cois cuain, ná fiú na mbeacha chum saothair a thabharfadh mil agus céir don tslua, níl ceol binn milis na n-éan ann le hamharc an lae a dhul uainn, ná an chuaichín i mbarra na ngéag ann, - ó, 'sí a chuirfeadh an saol chum suain! Nuair a thigeann na poic faoi na sléibhte is an gunna lena dtaobh is an líon féachann siad anuas le léan ar an mbaile a fuair sway in gach tír; an fhaiche bhreá aoibhinn ina réabacha is gan foscadh ar aon taobh ón tsín, páirc an phaddock ina dairy mar a mbíodh an eilit ag déanadh a scíth'! Tá ceo ag titim ar chraobhaibh ann ná glanann le grian ná lá, tá smúit ag titim ón spéir ann, is a cuid uisce go léir ag trá; níl coll, níl cuileann, níl caora ann, ach clocha agus maolchlocháin; páirc na foraoise gan chraobh ann, is d'imigh an game chum fáin! Anois mar bharr ar gach mí-ghreann chuaigh prionsa na nGael tar sáil, anonn le hainnir na míne fuair gairm sa bhFrainc is sa Spáinn - anois tá a cuallacht á caoineadh, gheibheadh airgead buí agus bán, 'sí ná tógfadh seilbh na ndaoine, acht caraid na bhfíorbhochtán. Aitím ar Mhuire is ar Íosa go dtaga sí arís chughainn slán, go mbeidh rincí fada ag gabháil timpeall, ceol veidhlín is tinte cnámh, go dtógfar an baile seo ár sinsear Cill Chais bhreá arís go hard, is go brách nó go dtiocfaidh an díleann ní fheicfear í arís ar lár!
Now what will we do for timber,
Ducks' voices nor geese do I hear there,
A mist on the boughs is descending
Then a climax to all of our misery:
I call upon Mary and Jesus
Being Songs of the Irish Gaels, London, 1927
1. Where now is the sheltering wildwood
2. No wild-goose is heard on the lake now,
3. To Mary I pray, and the Saviour, |
The Castle of Cill Chais (Kilcash) was the chief seat of one of the branches of the Butler family until well into the eighteenth century. It is situated at the foot of Sliabh na mBan, not far from Kilsheelan, near Clonmel, County Tipperary.
Today the popular Irish song Cill Chaise (Kilcash) lives, still mourning the death and the time of Lady Iveagh, while the memory of Kilcash history and monuments has faded.
Irish school texts and other sources attributed the poem to Father John Lane a Parish Priest of Carrick-on-Suir who was educated for the priesthood by Lady Iveagh, the deagh-bhean (good lady) of the song. This credit appears undeserved, as Fr Lane died in 1776 and the sale of its timber was not advertised in the local papers until 1797. The poet Pádraig Ó Néill has recently been suggested as possible author, but that is also arguable.
The air for Kilcash appears to be that of Bliadhin 'sa taca so phós mé (This time twelve months I married), collected by George Petrie in Clare and published in 1855.
Cill Chaise seems to have been composed in the early 1800s after the timber sale. The earliest manuscript copies of the text did not appear till forty years later.
My thanks to John Flood of Dublin, who details the story of Kilcash in his book: John Flood & Phil Flood, Kilcash, A History, 1190-1801 (Dublin: Geography Publications, 1999)